CLG Chill Uird – Gaisce déanta

Uachtarán CLG, Jarlath Burns, le cuairt a thabhairt ar CLG Chill Uird Dé Sathairn seo.

Tá cuireadh tugtha ag CLG Chill Uird do gach ball agus don phobal i gcoitinne a bheith leo chun an clubtheach nua, giomnáisiam pobail agus áiseanna páirce uasghrádaithe a oscailt go hoifigiúil.

Beidh an ceiliúradh ar siúl Dé Sathairn an 16 Bealtaine, ó 2pm go 5pm ag an gclub, agus is mór an onóir don chlub go mbeidh Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, mar aon le haíonna mór le rá eile, ina dteannta chun an searmanas oscailte oifigiúil a cheiliúradh.

Is ionann forbairt na n-áiseanna seo agus cloch mhíle mhór don chlub agus don phobal i gcoitinne. Is léiriú é ar an dúthracht, ar an obair chrua agus ar an tiomantas a léirigh an oiread sin daoine le blianta beaga anuas, agus tá áthas ar choiste an chlub an éacht seo a cheiliúradh le gach duine a chabhraigh agus a thacaigh lena bhfís ar an mbealach.

Cuimsíonn CLG Chill Uird, club beag bródúil tuaithe atá suite ó thuaidh ó Mhainistir Fhear Maí i gContae Chorcaí, Peil, Iomáint, Peil na mBan, Camógaíocht agus Liathróid Láimhe. Ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhíonn an club gafa ach oiread. Glacann siad páirt ghníomhach i gcomórtais Scór chomh maith agus tá traidisiún láidir ó thaobh na Gaeilge de sa chlub.

Le deich mbliana anuas, tá muintir Chill Uird ag cur na Gaeilge i lár an aonaigh. Tá bonn airgid bainte amach ag an gclub ó Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar aitheantas ar an obair leanúnach atá ar bun acu. Cuireann siad ranganna ar siúl do mhic léinn na hArdteistiméireachta agus tá an Ghaeilge feiceálach timpeall an chlub, agus tuigeann na baill an nasc tábhachtach idir ár dteanga agus ár gcluichí.

Seo club ceannródaíoch atá ar an bhfód ó 1928 i leith – club atá an-oscailte do chách agus a bhfuil mana CLG “Tá Áit Dúinn Uilig Ann” go smior ann.

Joe Ó hEachteirn, Oifigeach Gaeilge an chlub:
“Táimid an-mhórálach as an méid atá bainte amach againn mar chlub ó thaobh na Gaeilge de. Tá súil againn a bheith in ann misneach a thabhairt do chlubanna eile lasmuigh den Ghaeltacht atá ar aistear teanga leis an bhFondúireacht. Ná bí buartha faoi – is féidir é a dhéanamh. Tá tacaíocht ar fáil.”

“I ráiteas misin Chumann Lúthchleas Gael, deirtear go bhfuil an Cumann pobalbhunaithe agus gur eagraíocht dheonach í a chuireann chun cinn cluichí Gaelacha, cultúr agus rannpháirtíocht saoil.

Tá CLG Chill Uird ag croílár an phobail seo agus tá an-chuid daoine páirteach sa chlub i ngach gné. Sampla de seo ná nuair atá ag éirí go maith le foirne sa chlub, is féidir é a bhrath go mór sa sráidbhaile agus bíonn an áit beo.

Cruthaíonn an club seo cairdeas fadsaoil agus tá traidisiún láidir de réanna clainne ag imirt ár gcluichí náisiúnta anseo i gCill Uird ó bunaíodh an club.

Cuirimid caighdeán ard cóitseála ar fáil i dtimpeallacht atá slán sábháilte agus le háiseanna atá ar ardchaighdeán chomh maith.”

Cuirfear fáilte roimh Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, trí mheán na Gaeilge ar an Satharn agus beidh deis iontach ag pobal na háite na háiseanna nua a fheiceáil, teacht le chéile mar chlub agus mar phobal, agus an chloch mhíle thábhachtach seo a cheiliúradh, agus aitheantas á thabhairt don tacaíocht luachmhar atá faighte ag an gclub.

Beidh fáilte roimh chách.

————————————————————————————————————————

Kilworth GAA will host a major community celebration this Saturday, 16 May, from 2pm to 5pm, to officially open their new clubhouse, community gym, and upgraded pitch facilities. The club is deeply honoured that Uachtarán CLG, Jarlath Burns, will attend and lead the official opening ceremony, along with other distinguished guests.

The development marks a significant milestone for the club and the wider community, reflecting years of dedication, volunteer effort, and shared vision.

Kilworth GAA is a proud rural club north of Fermoy, fielding teams in hurling, football, ladies football, camogie, and handball. The club is also very active in Scór and has a strong commitment to the Irish language. Over the past decade, they have placed Irish at the heart of club life, earning a Silver Medal from Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha for their ongoing language-promotion work. Irish classes for Leaving Cert students and visible use of the language around the club are part of this effort.

Club Oifigeach Gaeilge, Joe Ó hEachteirn, expresses pride in their achievements and encourages other non-Gaeltacht clubs to take similar steps, emphasising that support is available.

The article highlights Kilworth GAA as a community-centred, inclusive club since 1928, living out the GAA mission of promoting games, culture, and lifelong participation. Success on the field lifts the whole village, and generations of families have represented the club. High-quality coaching and safe, modern facilities are central to their ethos.

On Saturday, the Uachtarán will be welcomed through Irish, and the event will give the community a chance to come together, view the new facilities, and celebrate this important milestone.

All are welcome.

https://munster.gaa.ie/2026/05/clg-chill-uird-gaisce-deanta/